Cúntóir Riaracháin

National University of Ireland, Galway
February 18, 2024
Contact:N/A
Offerd Salary:€30,446 – €48,156
Location:N/A
Working address:N/A
Contract Type:Other
Working Time:Negotigation
Working type:N/A
Ref info:N/A

Cúntóir Riaracháin, Grád 2, Oifig an Dioplóma sa Ghaeilge, Aonad na Gaeilge Feidhmí, Conradh Sainchuspóra

Fáilteofar roimh iarratais don cheapachán mar Chúntóir Riaracháin, Grád 2, (0.8 FTE) in Ollscoil na Gaillimhe. Tá an post seo á thairiscint mar chonradh sainchuspóra agus cuirfear deireadh leis mar gheall ar dhul in éag dá shainchuspóir. Táthar ag súil go mairfidh an tasc seo timpeall dhá bhliain. Tá eolas faoi Phlean Straitéiseach na hOllscoile le fáil ag: Strategy Straitéis 2020-2025 - Ollscoil na Gaillimhe Chun an folúntas a phlé go neamhfhoirmiúil, déan teagmháil leis an mBainisteoir Earcaíochta. Ríomhphost [email protected]; +353 (0)91 493493 Tuarastal: €30,446 – €48,156 (infheidhme maidir le hiontrálaithe nua le héifeacht ó Eanáir 2011) agus de réir théarmaí agus choinníollacha Pholasaí Luacha Saothair na hOllscoile. (Déanfar an ceapachán seo ar an scála Grád 2 faoi réir pholasaí reatha pá an Rialtais) Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17:00 (Am na hÉireann) Déardaoin 08 Feabhra 2024. Ní fhéadfar iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta a bhreithniú. D'fhéadfadh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a bheith le déanamh. Beidh ceapacháin ag brath ar údarú oibre a bheith bailí. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar www. dbei.ie Chun tuilleadh eolais agus Foirm Iarratais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin: Poist - Ollscoil na Gaillimhe Ba cheart iarratais a dhéanamh ar líne. Tabhair faoi deara go mbraithfidh ceapachán i bpoist atá fógartha ar fhaomhadh ón Ollscoil, agus ar théarmaí an Chreata um Rialú Fostaíochta don earnáil ardoideachais. Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na Gaillimhe.

From this employer

Recent blogs

Recent news