Teagascóir/Riarthóir sa Nua-Ghaeilge, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

University College Cork
March 28, 2023
Contact:N/A
Offerd Salary:€54,167 - €64,671
Location:N/A
Working address:N/A
Contract Type:Other
Working Time:Negotigation
Working type:N/A
Ref info:N/A

Teagascóir/Riarthóir sa Nua-Ghaeilge, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Permanent Whole Time Post

Táthar ag lorg iarratas ar phost mar Theagascóir/Riarthóir in Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Ar bhonn buan, lán-aimseartha a dhéanfar an ceapachán seo.

Beidh an té a cheapfar páirteach i bhfoireann an Ionaid, agus beidh sé/sí freagrach do Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha. Beidh céim ollscoile sa Ghaeilge aige/aici, chomh maith le cumas agus taithí riaracháin. Beidh ardchumas Gaeilge idir labhairt agus scríobh, agus taithí mhaith ar theagasc na Gaeilge aige/aici. Beifear ag súil leis go mbeidh ar chumas an té a cheapfar cúram an teagaisc ar an dtríú leibhéal a dhéanamh, chomh maith le cúrsaí a cheapadh, a eagrú, a mheasúnú, a riaradh, agus a fhógairt. Beifear ag coinne leis go mbeidh an té a cheapfar inniúil ar scéimeanna éagsúla an Ionaid a eagrú agus a riaradh. Beifear ag súil leis go nglacfaidh an té a cheapfar páirt iomlán i ngnóthaí Gaeltachta an Ionaid. Oibreoidh sé/sí i gcomhar le Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha go háirithe maidir le pleanáil agus forbairt.

Tá le tabhairt faoi deara go bhféadfadh Grinnfhiosrúchán de chuid an Gharda Shíochána, agus/nó faomhadh ó phóilíní idirnáisiúnta, bheith ina chuid den bpróiseas roghnúcháin.

Tá pacáiste eolais ina bhfuil sonraí an phoist, na critéir roghnaithe agus eolas faoin bpróiseas iarratais le fáil ag https: // ore.ucc.ie/. Tharlódh go ndéanfadh an Ollscoil, do réir mar ba mhian léi, ceapachá(i)n b(h)reise ón gcomórtas seo nuair a bheidh an próiseas i gcrích.

Is féidir an post a phlé go neamhfhoirmiúil agus faoi rún leis an Ollamh Pádraig Ó Macháin: Guthán: 021 4902340, Ríomhphost: [email protected] Tá eolas breise ar Ionad na Gaeilge Labhartha le fáil ag https:// www. ucc.ie/ucc/igl/

Tá Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, meáite ar bheith ina ollscoil uileghabhálach uilí, a earcaíonn agus a thacaíonn le comhghleacuithe ó gach earnáil sa phobal. Tá comhionannas, ilghnéitheacht agus cuimsiú ina luachanna láir againn faoin ár bPlean Straitéiseach. Tá duais cré-umha Athena Swan againn a aithníonn a thugtha is atáimíd don gcomhionannas a chur chun cinn san ard-oideachas. Cúis mhórtais dúinn gur fostaitheoirí comhionannais sinn, agus meallaimíd iarratais ó gach duine, gan bhuíochas dá (h)aois, seasamh cúraim, míchumas, cine, féinaitheantas inscne, náisiúntacht, stádas pósta/páirtíocht shibhialta, toircheas agus máithreachas, creideamh, agus/nó gnéaschlaonadh. Táimíd meáite ar thacú leis an bhfoireann tré shocruithe solúbtha oibre, pholasaithe ceanúla clainne, traenáil agus forbairt, agus gréasáin fhoirne. Is mór linn an saibhriú a eascraíonn as pobal ilghnéitheach agus iarraimíd comhionannas a chothú, an t-idirdhealú a sheachaint, agus cearta daonna gach éinne a chosaint de réir na reachtaíochta comhionannais. Molaimíd d'iarrthóirí breithniú ar ár bPolasaí um Dhígnit agus Meas agus a thuilleadh a fhoghlaim i dtaobh ár dTograí EDI.

Déanfar an ceapachán ar Scála Tuarastail: Admin III (Grade 6) Salary Scale: €54,167 - €64,671 (Scale B) / €51,574 - €61,540 (Scale A)

Socrófar tuarastal an té a cheapfar do réir pholasaí phá na hearnála poiblí.

Is fostóir comhdheiseanna é Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Molaimid duit teagmháil dhíreach a dhéanamh linn má bhíonn cúnamh nó cóiríocht réasúnta uait le linn an phróisis earcaíochta.

Ní foláir iarratais a dhéanamh ar líne tré thairseach na bhfolúntas ar shuíomh idirlín Choláiste na hOllscoile Corcaigh (https: // ore.ucc.ie/). Ba cheart aon cheist i dtaobh an phróisis seo a thagairt do [email protected] agus teideal an phoist a lua.

Ba cheart d'iarrthóirí iarratas a dhéanamh, i muinín, roimh 12 meán lae (Am Áitiúil na hÉireann) ar an Tuesday, 28th March 2023

Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.

Fostaitheoir Comhionannas Deiseanna é Coláiste na hOllscoile Corcaigh

Tá le tabhairt faoi deara go mbraithfidh ceapachán ar bith ar fhaomhadh na hOllscoile, chomh maith le téarmaí an chreata rialaithe fostaíochta don earnáil tríú leibhéil.

Contact Person : Ollamh Pádraig Ó Macháin Contact Email : [email protected] Job ID : 065051 Contact Number : Close Date : 28-Mar-2023 12:00

From this employer

Recent blogs

Recent news